Nuair a scríobh mé an plean teanga don limistéar pleanála teanga in oirthear chathair na Gaillimhe (“An Bruach Thoir” – Mionloch 7rl.), mhol mé go ndéanfaidh, mar ghríomh práinneach, taifeadtaí ar ardchraighdeán go na cainteoirí dúchais atá fágthaí sa gceantar. Ag leanacht an mhéid a deir na saineolaithe pleanála teanga is mó amuigh ina gcuid scríbhneoireachta a bhí mé leis an moladh sin. Cé gur chuir an diabhal paindéim moill ar an obair, is crochadh croí dom é go bhfuil sé faoi lán seoil anois, i gcomhpháirt le limistéar pleanála teanga an Eachréidh (Baile Chláir, Eanach Dhún 7rl.). Siod píosa deas a chuir Tuairisc.ie amach faoi cúpla mí ó shin:

Ní call dom a rá go bhfuil luach ar leith leis na taifeadtaí seo chun saibhreas Gaeigle an cheantair a chaomhnú agus a chur ar fáil d’fhoghlaimeoirí cosúil liom fhéin. Ní bheadh mórán do rath hréis a bheith ar athbheochan Ghaeilge Mhanainn meireadh na taireadtaí a déanadh ar na cainteoirí dúchais deiridh ansin, ar ndú. Ach mar bharr air sin uilig, is údáir mór sásaimh dhom é go bhfuil cuid de na cainteoirí seo nach raibh aithne acu ar a chéilí roimh an togra seo hréis fás an-mhór le chéilí ó shin, agus go mbíonn siad ag bualadh lena chéilí go minic, agus a’ Gaeigeoireacht leofa go seachtainiúil anois. B’fhiú an beart a chuir sa bplean teanga, gan bhréag.

Freagra